Tionscadail
Tugann Aonad Seandálaíochta Faoi Uisce Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta faoi raon tionscadal atá tiomanta d’oidhreacht chultúrtha faoi uisce na hÉireann a bhainistiú, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ina measc sin tá suirbhéanna faoi uisce, tochailtí, tarrtháil réad seandálaíochta agus staidéir taighde. Is é is aidhm do thionscadail taighde ceisteanna a fhreagairt, tuiscint níos fearr a fháil agus acmhainn na hoidhreachta cultúrtha faoi uisce a chainníochtú.
Ina theannta sin, le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta slógtar daoine chun aghaidh a thabhairt ar fhionnachtana nua a thuairiscíonn tumadóirí fóillíochta, leantar suas ar aon damáiste do láithreáin a thuairiscíonn baill den phobal, agus téitear i dteagmháil le pobail tumadóireachta agus le pobail áitiúla chun feasacht agus léirthuiscint ar oidhreacht faoi uisce a chothú. Spreagann for-rochtain den sórt sin cur chuige comhpháirtíochta agus cothaíonn sé feasacht níos fearr ar oidhreacht chultúrtha faoi uisce, lena n-áirítear na scéalta dobhraite a bhaineann leis.
Ó thaobh bearta a dhéanamh maidir le cosaint oidhreachta, comhoibríonn Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta go rialta le hArd-Mhúsaem na hÉireann, leis an Údarás Rialála Limistéar Muirí (MARA), le Garda Cósta na hÉireann, le Glacadóirí Custam agus Máil Raice agus le hinstitiúidí ábhartha rialtais eile. Táimid páirteach freisin i gcomhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, mar shampla leis an Aireacht Cultúir sa Spáinn ar oidhreacht chomhroinnte raiceanna Armáid na Spáinne 1588 a cailleadh timpeall chósta na hÉireann.
Samplaí tionscadail:
- An Stair: Gaileon na Spáinne ag tionlacan La Flota de la Nueva España (‘Cabhlach taisce na Spáinne Nua’) tar éis dó filleadh ar an Spáinn ó Mheiriceá Theas, trí Chúba, nuair a ghabh Aimiréal na hÍsiltíre Piet Heyn é — an t-aon ghabháil iomlán de chabhlach na Spáinne. Le linn an turais ar ais go dtí an Ísiltír, scaradh an Santa Ana Maria le linn stoirme agus athghabhadh é ag an bpríobháideoir Sasanach Dragon. Ar an mbealach go Bristol gabhadh é i stoirm eile agus briseadh é amach ó Ghleann Bearcháin, Co. Chorcaí, ar an 13 Nollaig 1628.
- Fionnachtain agus Tarrthálas: D’aimsigh tumadóirí áitiúla é sna 1960idí agus baineadh go leor réad as ag an am, lena n-áirítear gunnaí, potaireacht, caora gunna mhóir agus earraí eile níos lú. Tugadh cuid acu do Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann ina dhiaidh sin; fanann go leor eile de bheith i lámha príobháideacha.
- Cosaint agus Taighde: Leis an raic seo leagadh béim ar an ngá atá le reachtaíocht cosúil le hAcht Leasaithe na Séadchomharthaí Náisiúnta 1987. Sa bhliain 2009, rinne Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta suirbhé tapa agus d’aithin sí gunna mór iarainn, caora gunna mhóir agus dumha ballasta, a cheangail isteach le haimhrialtachtaí atá breactha trí shuirbhé geoifisiceach mara ar limistéar an láithreáin raice aitheanta.
- Stádas Reatha: Tá réada seandálaíochta faoi réir taifeadta, anailíse agus taighde.
- Foilseachán: C. Kelleher, 2020. ‘Death by disgrace: Juan de Benavides y Bazán, the 1628 capture of the Spanish treasure fleet and the wreck of Santa Ana Maria’, in I. Pérez Tostado & D. M. Downey (eagráin), Ireland and the Iberian Atlantic: Migration, Military and Material Culture, (Albatros Publications, Valencia, Spain), lgh 433-445.
C. Kelleher, 2012. ‘Santa Ana Maria: 1628 wreck of the Capitana of La Flota de la Nueva España’, Beyond Boundaries: Proceedings of the 3rd International Conference on Underwater Archaeology: IKUWA3, (eagrán.) J. Henderson, Römisch-Germanische Kommission, lgh 175-182. - Tábhacht: Sa deireadh thiar rinneadh raic den Santa Ana Maria nuair a briseadh ar scairbh ag béal Chuan Ghleann Bearcháin é ar oíche stoirmiúil i mí na Nollag 1628, tar éis a ghabhála, ní uair amháin ach dhá uair — ar dtús ag na hOllannaigh agus ansin ag na Sasanaigh. Tá scéal na raice ar cheann a bhain le neamhinniúlacht loingseoireachta ag an am, mí-ádh agus achrann dlí a chuaigh ar aghaidh i bhfad tar éis an uair ar cailleadh an long. Sa scéal seo léirítear cruatan an tsaoil ar bord, na rioscaí a bhaineann le taiscéalaíocht agus dúshaothrú muirí, agus guaiseacha a bhaineann leis an aimsir agus leis na carraigeacha. Mar long a tógadh san Ibéir, is léiriú tábhachtach í freisin ar theicnící tógála long na linne sin, rud a líonann bearnaí inár n-eolas agus inaár dtuiscint.

- An Stair: Long de chuid na Catalóine, a tógadh i Matar ó, sa Spáinn sa bhliain 1570 mar árthach trádála. Le linn a seirbhíse 18 mbliana, tar éis foréileamh ag Pilib II mar long feadhna, ghlac sí páirt i gcathanna tábhachtacha, lena n-áirítear Cath Lepanto 1571, ionghabháil na hAsór/an Phortaingéil in 1583, agus feachtas Armáid na Spáinne 1588. I mí Mheán Fómhair 1588, le linn stoirme a bhí ar leibhéal spéirlinge, briseadh í in éineacht le dhá long eile de chuid na hArmáide ag an tSrithideach, Co. Shligigh.
- Sonraí faoin Raic: Briseadh é taobh le La Lavia agus Santa Maria de la Visón, agus cailleadh cuid mhór den chriú. Rinne an Grúpa Armáid na Spáinne, foireann de thumadóirí áineasa Sasanacha, na trí raic a aimsiú agus a imscrúdú in 1985. Aisghabhadh déantáin ag an am, gunnaí san áireamh, agus tá siad anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.
- Imeachtaí le Déanaí: Tháinig ábhar raice i dtír in 2015, rud a léirigh nochtadh agus damáiste féideartha. Rinne Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta imscrúdú tumadóireachta mionsonraithe cúig seachtaine ag díriú ar shuíomh raice La Juliana, a bhí, i measc na dtrí raic, ar an bpríomhraic a nochtadh. Leis sin aimsíodh gunnaí a bhí dea-chaomhnaithe agus eilimintí struchtúracha scaipthe ar fud c. 60m x 40m d’achar ghrinneall na farraige. Le linn thionscadal Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta aisghabhadh naoi ngunna cré-umha, roth carráiste agus coire cré-umha, ag dul faoi chaomhnú anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann.
- Taighde agus Caomhnú: Ba é aidhm saothar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta measúnú a dhéanamh ar dhamáiste, réada leochaileacha a aimsiú, agus straitéisí bainistíochta fadtéarmacha a fhorbairt de réir threoirlínte EOECNA. Leis an ábhar aisghafa saibhrítear bailiúcháin oidhreachta mhuirí na hÉireann. Tá an obair faoi lán seoil faoi láthair, agus tá sí mar chuid de thionscadal comhoibritheach idirnáisiúnta leis an Aireacht Cultúir, an Spáinn.
- Foilseachán: Acmhainní agus Foilseacháin.
- Tábhacht: Léiríonn raiceanna na hArmáide oidhreacht chultúrtha chriticiúil faoi uisce, a nascann stair na hÉireann, na Spáinne, na hÍsiltíre, na Cróite, na hIodáile, na Gearmáine agus Shasana; cumhachtaí coilíneachta agus cabhlaigh; agus cogaíocht mhuirí. Tá a staidéar agus a gcosaint leanúnach riachtanach chun an stair chomhroinnte sin a thuiscint agus a chaomhnú.
Tuilleadh le Teacht
